The Hamilton Institute is dedicated to providing a bridge between mathematics and its applications in ICT, biology and other disciplines.

Founded in 2001 with support from Science Foundation Ireland, the Hamilton Institute has been internationally recognized for its work across communication networks, mathematical biology and fundamental mathematics. Current areas of interest for the institute include the improvement of privacy in online systems, the application of probability to immunology and the enhancement of randomised network protocols.

The ethos of the Institute is the application of maths to solve real-world problems. Researchers at the Institute have strong industry links and have worked on national and international projects funded by groups including SFI, the HEA, the EU's FP7 and Enterprise Ireland. Other collaborators have included researchers at IBM, CERN and MIT.

The Institute continues to tackle complex questions across multiple areas of research and industry with a number of significant successes over the last 15 years.

Tá Institiúid Hamilton tiomanta nasc a chruthú idir an mhatamaitic agus na feidhmeanna atá léi i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), i mbitheolaíocht agus i ndisciplíní eile.   
 
Bunaíodh í sa bhliain 2001 le tacaíocht ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus ó shin i leith tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Institiúid Hamilton as ucht a cuid oibre ar líonraí cumarsáide, ar bhitheolaíocht mhatamaiticiúil agus ar mhatamaitic bhunúsach. I measc na réimsí ar díol spéise don institiúid iad faoi láthair tá feabhas a chur ar phríobháideacht i gcórais ar líne, feidhmiú na dóchúlachta maidir le himdhíoneolaíocht agus feabhas a chur ar na prótacail a bhaineann le líonra randamaithe.
 
Is é éiteas na hInstitiúide ná feidhmiú na matamaitice le fadhbanna a réiteach sa domhan mar atá. Tá naisc láidre ag taighdeoirí na hInstitiúide le hearnáil na tionsclaíochta agus tá obair déanta acu ar thionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta atá maoinithe ag grúpaí lena n-áirítear Fondúireacht Eolaíochta Éireann, an tÚdarás um Ard-Oideachas, FP7 de chuid an Aontais Eorpaigh agus Fiontraíocht Éireann. D’oibrigh siad i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí ó IBM, CERN agus MIT chomh maith.
 
Leanann an Institiúid de bheith ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna casta san iliomad réimsí taighde agus in earnáil na tionsclaíochta agus bhí rath suntasach ar an institiúid cúpla uair le cúig bliana déag anuas.